Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Cion Fir (ar athláimh)

Aistí Thomáis Uí Fhloinn in Comhar. Comhar, 1997. Liam Prút (eag.). Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An Dá Thrá (ar athláimh)

Smál ar an bhforchlúdach, é lag. Dath níos fearr leis sa bhfíorshaol – níl sé iomlán chomh ídithe ag an solas is a thaispeántar.

Treas Leabhar Gaedhilge (ar athláimh)

Na mBráthar gCríostamhail. M. H. Mac an Ghoill & a Mhac. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach. Meirg ar na stáplaí, an leathanach cheangal ag éalú. Na leathanaigh eile go breá agus an-ghlan.

Sean-Eoin (le forchlúdach) (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Máirín Ní Chriagáin a scríobh, Tomás Ó Faoláin a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938, eagrán nua 1974. Jack B. Yeats a rinne na pictiúir. Cóip iar-leabharlainne, rian de leathanach leabharlainne a baineadh amach chun tosaigh, stampaí leabharlainne air.

Cogadh ‘gus Cathú (ar athláimh)

Colm Mac Confhaola. Coiscéim, 2002. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An Lann Tolédo (Cóip B) (ar athláimh)

Éamon Ó Faoláin. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1957. Clúdach bog, i riocht maith. An clúdach caite, dorchú ar an droim agus ar na leathanaigh.

Tuarisc (ar athláimh)

Seosamh Ó Duibhginn. An Clóchomhar Tta., 1982. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe, smál ar an chlúdach.

De Valera I (ar athláimh)

Tomás Ó Néill, Pádraig Ó Fiannachta. Cló Morainn, 1968. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dorchú agus smál ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite. Dath ídithe ar an leabhar crua, cúpla spota ar an taobh.

Guardians of the Peace [1974] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach beagáinín caite ar barr, ruachan taobh istigh den bhforchlúdach. Leabhar iomlán i riocht maith. Céad chló. Gill & MacMillan, 1974.

An Crann Géagach (ar athláimh)

Aistí agus Mion-Scéalta. Pádraic Ó Conaire. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta. Clúdach crua le smáil. Riocht maith. Bloc téacs glan.

Man Bites Dog 4 (ar athláimh)

Donal Foley. The Irish Times. 1975. Clúdach bog, ríocht maith. Smál ar an chlúdach. Dath an druime agus an chlúdach ídithe. Bloc téacs an-ghlan. Imeall beaganín caite

Aoibhinn an Galar (ar athláimh)

Conleth Ellis. Coiscéim, 1986. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an droim agus smál ar an taobh.

Nua-Fhilí 2 (1953-1963) (ar athláimh)

Séamus Ó Céilleachair a chnuasaigh. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló, 1968. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Dath ídithe agus dorchú ar an bhforchlúdach, atá caite. An clúdach féin an-ghlan seachas ruachan in áit amháin. Ruachan fíorbheag le feiceáil ar imeall na leathanach. Nóta scríofa ón iar-úinéir ar an leathanach teidil, a bhfuil…

The Heart Remembers Home (ar athláimh)

Shiba Ryōtarō. Translated, and with a background essay, by Eileen Katō. Japan Echo Inc., 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an droma ídithe, cúpla smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940 (ar athláimh)

Aisling Nic Dhonnchadha. An Clóchomhar 1981. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Green Tears for Hecuba (ar athláimh)

P.J. Twohig. Gaelic Press Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe, smáil air. Smáil taobh istigh, bloc téacs an-ghlan.

An Féinics (ar athláimh)

Curtha in eagair ag Seán Mac Potair. Comhairle na gCumann Gaeilge, Nua Eabhrach, Eagrán a dó. Clúdach bog, i riocht maith. Dath ídithe agus dorchú ar leathanaigh agus ar an gclúdach.

Second Top of the Form Quiz Book (ar athláimh)

Compiled by Boswell Taylor. BBC TV. Knight Books, 1969. Clúdach bog, riocht cuibheasach caite. Ag éalú ón droim taobh istigh ar chúl. Smáil ar an chlúdach. Ruachan agus smáil ar na leathanaigh cheangail agus taobh. Bloc téacs dorcha ach an-ghlan.

Na Laochra (ar athláimh)

The Heroes. Charles Kingsley do scríobh. Máire Ní Mhurchadha d’aistrigh go Gaedhilg. Muinntir Chathail, Clódóirí Baile Átha Cliath, 1933. Clúdach crua, i riocht maith. Smál agus marcanna ar an gclúdach. Dath ídithe ar an droim. Ruachan ar imill na leathanach agus laistigh den gclúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh

Scríobh 1 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1974. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil