Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Martin McGuinness – From Guns to Government (ar athláimh)

Liam Clarke agus Kathryn Johnston. Mainstream Publishing, 2003. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Fiontán Ó Leathlobhair. [1962] (ar athláimh)

Tomás Ó Néill. Cló Morainn, 1962. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus cúinní brúite. Spotaí ar an taobh. Píosa scríbhneoireachta ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

Buíon Éireannach in Albain (ar athláimh)

Annraoi Ó Liatháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1975. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Roic agus cúpla smál beag ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Na Laochra (ar athláimh)

The Heroes. Charles Kingsley do scríobh. Máire Ní Mhurchadha d’aistrigh go Gaedhilg. Muinntir Chathail, Clódóirí Baile Átha Cliath, 1933. Clúdach crua, i riocht maith. Smál agus marcanna ar an gclúdach. Dath ídithe ar an droim. Ruachan ar imill na leathanach agus laistigh den gclúdach. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh

Súile Shuibhne (ar athláimh)

Cathal Ó Searcaigh. Coiscéim, 1983. Clúdach bog, riocht maith. Roic agus smáil ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite. Sínithe ag an údar. Bloc téacs an-ghlan.

An Intelligent Visitor’s Guide to the Irish (ar athláimh)

Breda Dunne. The Mercier Press, 1990. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dath ídithe ar an droim. Dorchú ar imeall na leathanaigh.

Géarchéim in Éirinn (ar athláimh)

Dick Walsh. Foillseacháin Náisiúnta Teoranta, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Sínithe ag an údar. Imeall beagáinín caite, smál ar an chlúdach.

Irish Without Worry – for use in Schools, Colleges and Language Classes (bog) (ar athláimh)

Clúdach bog. Cluaisíní cait ar chuid de na leathanaigh, e.g. lch 18 agus 19. I riocht maith.

Onncail Seárlaí (ar athláimh)

Seán Ó Ciarghusa. C.S. Ó Fallamhain Teo., 1930. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Droim/imill beagáinín caite agus smál ar an chlúach. Stampa iar-leabharlainne taobh istigh, agus spotaí ar an taobh.

A’ Càradh an Rathaid (ar athláimh)

Maoilios M. Caimbeul. Leaganacha Gaeilge le Liam Prút. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

An tOileán Draíochta (ar athláimh)

Sir Ernest A. Jelf. Oifig an tSoláthair. 1939. Leagan Gaedgilge é seo a chuir León Ó Broin ar ‘Jill’s Magic Island’, ‘The Little Old Woman’, agus ‘The Country of “Let’s Pretend”‘ a chéadcheap Sir Ernest A. Jelf. Smál ar an gclúdach cúil. Clúdach crua. Bloc téacs glan. Spotaí ar an gclúdach.

Cóta Bán Chríost (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, 1977. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Éireannaigh san Eolaíocht (ar athláimh)

Séamus Mac Cnáimhín. Clúdach crua, forchlúdach leis agus smál air. Spotaí ar imeall an bhloc téacs. Ainm an iar-úinéara air. Oifig an tSoláthair 1966.

The Sea and the Easter Rising (ar athláimh)

John de Courcy Ireland. Maritime Institute of Ireland, 1996. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Clúdach rocach agus smál ar chúl.

Cruithneacht agus Ceannabháin (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua, riocht maith. An chaibidil dheireanach sa chló rómhánach, c.1950idí.

Oideadh an Athar uí Shíthigh (ar athláimh)

Clúdach crua, Tomás de Bhial. An chéad chló 1954. An leathanach leath-teidil stróicthe. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangail tosaigh.

Le Clap-Sholus [1967] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis atá lúbtha siar air féin chun tosaigh, riocht an-mhaith. Oifig an tSoláthair.

Strafford in Ireland 1633-41 (ar athláimh)

A Study in Absolutism. Hugh Kearney. Cambridge University Press, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Was the Treaty of Limerick Signed on the Treaty Stone? (ar athláimh)

A.J. O’Halloran. Limerick Leader, Ltd. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál agus dorchú ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Spotaí air.

Treasury of Irish Song (ar athláimh)

A Collection of Irish Airs for Schools in Staff and Sol-Fa Notation. Compiled and Arranged in Unison and Two-part Harmony by G. Ronald C. Olden. The Educational Company. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh, meirg ar na stáplaí. Leathanaigh an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil