Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

This House Was Mine (ar athláimh)

Francis MacManus. The Mercier Press, 1963. Clúdach bog, riocht maith go leor. Clúdach lúbtha, smáil air agus ar na leathanaigh cheangail Bloc téacs an-ghlan.

What’s This About The Gaelic League? (ar athláimh)

Dónall Ó Corcora. Sreath paimfléidí le Connradh na Gaedhilge, Uimhir a Dó. Athchló 1956. Paimfléad bog, riocht maith go leor. Smáil ar an chlúdach, dath ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

The Developing World Geography Two – A New Man (ar athláimh)

S. Crawford. Longman, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

The Irish Harp / Cláirseach na hÉireann (ar athláimh)

Irish Life and Culture, XVI. Joan Rimmer. The Mercier Press, 1977. Clúdach bog, i riocht an-mhaith.

Lovely is the Lee (ar athláimh)

Robert Gibbings, Mercier Press, 1990. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Mar Mhaireas É – Cuid a dó (ar athláimh)

Peadar Ó hAnnracháin, Ó Gormáin Teo., Gaillimh. An chéad chló, 1955. Clúdach crua, 304 lth. Riocht maith go leor. Neart smáil air, smál uisce ar chúl. Dath ídithe ón droim. Spotaí ar an taobh. Smál ar na leathanaigh cheangail chomh maith, ach an bloc téacs i riocht maith.

Tearmann na gColúr (ar athláimh)

Aodh Ó Canainn. Cló Iar-Chonnachta, 1998. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar an gclúdach.

Cruithneacht agus Ceannabháin (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Clúdach crua, riocht maith. An chaibidil dheireanach sa chló rómhánach, c.1950idí.

Má Nuad (ar athláimh)

Tomás Ó Fiaich. An Sagart, Má Nuad, 1972. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droim ídithe, smál ar an chlúdach agus an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis. Sáirséal agus Dill, 1972. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Roic ar an droim. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Cothú an Dúchais (ar athláimh)

Aistí in Ómós don Athair Diarmuid Ó Laoghaire. Máirtín Mac Conmara agus Éilís Ní Thiarnaigh a chuir in eagar. An Clóchomhar Tta., 1997. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Forchlúdach caite beagáinín ar an imeall.

Leicseanáir IV (ar athláimh)

Seachtainí na Bliana 18-34 agus Sollúntais Ár dTiarna i Rith na Bliana. An Sagart, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Deannach ar an chlúdach agus cúpla smál beag air. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dath an droma ídithe. Na himill beagáinín caite. Na leathanaigh an-ghlan.

King of the Beggars (ar athláimh)

A Life of Daniel O’Connell. Sean O’Faolain. Allen Figgis Ltd., 1970. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Ceárdachas Gaelach – Irish Craftmanship (ar athláimh)

S. Mac Cana. Leabhrán bog, Irish Hospitals Trust, 1940. Riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus dorchú ar na himill. Meirg ar na stáplaí. Leathanaigh glan agus i riocht maith.

An Braon Broghach (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain do scríobh. OIfig an tSoláthair. Foillsigheadh de’n chéad uair, 1948. Clúdach crua, i riocht cuibheasach maith. Smál agus marcanna ar an gclúdach. Dath an droma ídithe go maith, imeall an leabhair caite. Dorchú ar na leathanaigh laistigh. Ruachan ar imeall na leathanach. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Beathaisnéis a Naoi – Forlíonadh agus Innéacsanna (ar athláimh)

Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. An Clóchomhar Teoranta, 1997. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith, cúpla marc an an bhforchlúach.

Ian Paisley agus Tuaisceart Éireann (ar athláimh)

Risteárd Ó Glaisne. Cló Morainn, An Chéad Chló, 1971. Clúdach bog, i riocht cuibheasach maith. Dorchú ar an gclúdach agus ar na leathanaigh. Smál in áiteanna. Síniú an iar-úinéara agus gearrthóg laistigh

Poetry Ireland Review Issue Number 49 (ar athláimh)

In eagar ag Liam Ó Muirthile. Spring/Earrach 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Ór na h-Aitinne (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal. An Chéad Cló, 1949. Clúdach bog, le forchlúdach páipéir. Riocht maith go leor. Forchlúdach caite agus smál air. Smál ar na leathanaigh cheangail. Bloc téacs an-ghlan.

The Sounds of Irish (ar athláimh)

Shán Ó Cuív. Browne and Nolan Ltd., 1924. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht an-mhaith. Imeall an chlúdaigh beagáinín caite, smál air. Dorchú ar na leathanaigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil