Skip to content

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Tine Chnámh (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Dath an droma ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

Jewels (ar athláimh)

Robert Perrin. Routledge & Kegan Paul, 1977. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Dath an droma ídithe agus cúpla smál beag ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh, bloc téacs an-ghlan.

Aspects of RTÉ Television Broadcasting (ar athláimh)

Citizens for better broadcasting. Leabhrán bog, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara ar an chlúdach.

Céad Bliain 1871-1971 (ar athláimh)

Stair agus Seanchas Pharóiste an Fheirtéaraigh. Curtha in eagar ag Mícheál Ó Ciosáin. Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Clúdach crua le forchlúdach, riocht iontach. Cúpla smál beag ar an bhforchlúdach.

An Galar Dubhach (ar athláimh)

Máire Mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1980. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, roinnt smál beaga air. Beagáinín deannaigh ar an bhforchlúdach.

An tIonnradh nó Yégof an Gealt (ar athláimh)

Seoirse Ó Broin. Oifig an tSoláthair. Clúdach crua, riocht maith. An chéad chló 1954. L’invasion, Erckmann-Chatrian. Riocht an-mhaith.

The Schoolboy’s Pocket Book (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Carlton Wallace. Evans Brothers Limited, 1959. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach, cúinní beagáinín brúite. Dath an droma ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

British Brutality in Ireland (ar athláimh)

Jack O’Brien. The Mercier Press, 1989. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an imeall agus taobh. Smál ar chúl. Dorchú ar na leathanaigh.

An Léann Eaglasta in Éirinn 1200-1900 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Máirtín Mac Conmara. An Clóchomhar Tta., 1988. Clúdach crua, le forchlúdach. Dath ídithe ar chúl agus ar an droim. Leabhar crua i riocht an-mhaith. Cúpla spota beag ar an imeall ar barr.

Tír-Eóluíocht na h-Éireann .i. Macmillan’s General and Regional Geography of Ireland (ar athláimh)

T. J. Dunne a sgríobh, Toirdhealbhach Ó Raithbheartaigh a d’aistrigh go Gaeilge. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach bog. An chéad chló 1937. Ruachan taobh istigh den chlúdach. Na leathanaigh saor ó nótaí.

Le Linn ár nÓige [1938] (ar athláimh)

Ainm an iar-úinéara gearrtha amach. Leabhar crua. Tomás de Bhial a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht an-mhaith.

Rathfarnham Roads (ar athláimh)

Patrick Healy. South Dublin Libraries, 2005. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

The Spiritual Rose (ar athláimh)

Prayers and Meditations in Irish. Curtha in eagar ag Malachy McKenna. Dublin Institute for Advanced Studies, 2001. Clúdach crua, riocht maith. Poll beag ar an imeall. Smál ar an chlúdach agus ar an imeall, ach an bloc téacs i riocht an-mhaith.

Language, Culture and the Nation (ar athláimh)

2 Lectures. P.L. Henry. Comhdáil Náisiúnta na Gaeilge. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, spotaí ar an taobh.

An Piarsach Óg agus Conradh na Gaeilge (ar athláimh)

Frank O’Brien. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Cití – Dráma Trí Ghníomh (ar athláimh)

Siobhán Ní Shuilleabháin. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1975. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Cúpla smál ar an chlúdach, spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Watch Your Language (ar athláimh)

An Bata Scóir, The Insidious Silencer. RTÉ. Leabhrán bog, riocht cuibheasach. Fillte i leath, smál air agus cúpla smál taobh istigh. Na leathanaigh glan seachas sin.

On the Art of Reading (ar athláimh)

Sir Arthur Quiller-Couch ‘Q’. Guild Books, 1947. Clúdach bog. Clúdach strócithe in áiteanna agus smál air. Píosa scríbhneoireacht ar chúl. Bloc téacs i riocht maith.

Maidhc sa Danmhairg [crua] (ar athláimh)

P. D. Linín. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Dorchú ar an droim, cúpla smál beag ar an chlúdach. Cúinní beagán brúite. Bloc téacs an-ghlan.

Thomas Davis – The Thinker & Teacher (ar athláimh)

The Essence of his Writings in Prose and Poetry. Selected, Arranged and Edited by Arthur Griffith. M . H. Gill & Son, 1922. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach, na cúinní beagáinín caite. Spotaí agus dorcha ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil