Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Scríobh 5 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

The Curtain Rises (ar athláimh)

W. Macqueen-Pope. Thomas Nelson & Son Ltd., 1961. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach. Forchlúdach caite, smáil agus deannach air. Cúpla smál ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

For a Celtic Future – A tribute to Alan Heusaff (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Cathal Ó Luain. The Celtic League. Clúdach bog, riocht maith. Marcanna/smál ar an chlúdach agus an dath ídithe.

The Zeal of the Convert (ar athláimh)

The Life of Erskine Childers. Burke Wilkinson. Robert B. Luce Co., Inc. 1976. Leabhar crua le forchlúdach, rioch maith. Smál agus dath ídithe ar an bhforchlúdach, an leabhar crua féin i riocht an-mhaith.

Dánta Éagsamhla (ar athláimh)

Gaeilge agus Béarla curtha ortha. Dubhghlas de hÍde. Clúdach bog, riocht cuibheasach caite. Poll an bealach ar fad tríd. Dorchú ar an imeall, spotaí ar an taobh agus ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

The World’s Landscapes 4 – Ireland (ar athláimh)

A.R. Orme. Longman, 1970. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh agus droma ídithe, smáil ar an chlúdach agus taobh, agus an clúdach lúbtha. Cúpla smál ar na leathanaigh cheangail, ach bloc téacs an-ghlan.

Swift and his Circle (ar athláimh)

Clúdach crua. R. Wyse Jackson. The Talbot Press Limited, Dublin. 1945. Forchlúdach leis, stróicthe ar barr. Clúdach crua i riocht an-mhaith faoina bhun sin. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála…

Seosamh Ó hÉanaí (ar athláimh)

Nár fhágha mé bás choíche. Liam Mac Con Iomaire. Cló Iar-Chonnachta 2007. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Deannach ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Prionsias Mac Maghnuis, Sáirséal agus Dill, 1955. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Stampa iarleabharlainne air. Smál ar an imeall.

An Cómhargadh (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. Gnéithe & Ceisteanna, Paimfléad 2. Pobal Teoranta. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach,

Bianconi – King of the Irish Roads (ar athláimh)

M. O’C Bianconi agus S.J. Watson. Allen Figgis, 1962. Clúdach crua, le forchlúdach. Forchlúdach caite, dath ídithe agus smál air. Leabhar crua féin i riocht maith.

Dialann Oilithrigh (ar athláimh)

Donchadh Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, 1972. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Smáil bheag ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Scáthlán – Uimhir 1 (ar athláimh)

Iris Chumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair. 1980. Leabhrán bog, riocht maith.

Trialacha Gaeilge (ar athláimh)

C. Ó Broin. Ó Fallúin. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach beagáinín caite, smál agus dorchú air. Scríbhneoireacht taobh istigh.

Faoileán na Beatha (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. An Clóchomhar Tta. An Chéad Chló, 1962. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Smál ar an chlúdach, cúinní brúite. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Spotaí ar an taobh.

Triúr Againn (ar athláimh)

Siobhán Ní Shúilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1955. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Dath an droma ídithe, cúpla smál beag ar an chlúdach. Cúinní caite. Bloc téacs an-ghlan.

Cás Deireannach Trent (Trent’s Last Case) E. C. Bentley (ar athláimh)

Dath an droma ídithe, smál ar an gclúdach. Ruachan beag air. 356 leathanach. Dornán nótaí scríofa isteach sa leabhar ach é an-glan agus soléite san iomlán.

Field and Fair (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, aistrithe ag Cormac Breathnach, The Mercier Press. 1966. Clúdach bog le smáil taobh istigh. Riocht maith. Bloc téacs glan.

Seanchas an Táilliúra (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin. Cló Mercier, 1978. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Smáil ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite ar an imeall agus dath ídithe in áiteanna. Bloc téacs an-ghlan.

Constance Markievicz (ar athláimh)

Sean O Faolain. Sphere Books Limited, 1934. Clúdach bog, riocht maith go leor. Roic agus smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Ruachan ar na leathanaigh cheangail.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil